Fáilte go Coláiste Ghlór na Mara. Is scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach muid atá lonnaithe i bhfoirgneamh álainn ar Bhóthar na hAille, Baile Brigín. Osclaíodh an scoil i Meán Fómhair 2014 le freastal ar dhaltaí i bhFine Gall thuaidh, oirthear na Mí agus Lú theas. Seo an cúigiú bliain ar an bhfód dúinn agus táimid an-bhródúil as an méid atá bainte amach againn le cúig bliana anuas. Tá córas tumoideachas i bhfeidhm againn ina múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge. Soláthraíonn an suíomh scoile seo faisnéis do thuismitheoirí agus comhphobal na scoile faoi nuacht agus imeachtaí scoile.
Na bíodh drogall ort teacht i dteagmháil linn má tá tuilleadh eolais uait.
Welcome to Coláiste Ghlór na Mara. We are an Irish language multi-denominational secondary school, located in a state of the art building on the Naul road in Balbriggan. The school was opened in 2014 to serve the people of North Fingal, East Meath and South Louth. This is our fifth year to provide education through the medium of Irish and we are very proud of how much we have achieved. We have an immersion based system in place whereby all subjects are taught through the medium of Irish. This school website aims to provide comprehensive information to parents and the school community regarding school news and events.
Bhí bliain dochreidte gnóthach ag daltaí na hIdirbhliana i mbliana, idir Erasmus+, Age Action, turas chun na hIodáile, ceoldráma a dhíol amach cúig sheó, obair dheonach, taithí oibre, clár Future Leaders agus i bhfad níos mó. Bliain speisialta í an idirbhliain ina fhaigheann daoine óga seans forbairt phearsanta a dhéanamh agus a stampa a chur ar an domhan agus ar an sochaí. Sin atá déanta ag ár ndaltaí i mbliana ar ndóigh agus tá muid fíorbhródúil astu. Seo neart pictiúr as Bronnadh na nDuaiseanna a bhí againn dóibh ar an Luan. Comhghairdeachas agus feicfidh muid sa chéad scoilbhliain eile sibh nuair a bheidh sibh ag filleadh ar na scrúduithe!
Our Transition Year students had an incredibly busy year this year. Projects they were involved in include Age Action, work experience, volunteering, Erasmus+, a trip to Italy, a musical spanning 5 shows and almost 1000 audience members, Future Leaders and much more. Transition Year is a special year where young adults get to develop personally and make their mark on the world and on society. Our students really made a difference this year and we’re very proud of them. Here are some photos from their awards ceremony on Monday. Congratulations on your achievements. We look forward to seeing you again in September, get ready to hit the books!
Tá pictiúir den ócáid le feiceáil ag an nasc thíos ar ár leathanach Facebook/Pictures of the event are available on our Facebook page by clicking the link below:
Albam: Bronnadh Duaiseanna na hIdirbhliana
Anuraidh, leis an gcéad rang Idirbhliana a bhí againn sa scoil, léirigh muid ár gcéad cheoldráma; ‘Mamma Mia: Stíl Bhaile Brigín’. Éacht ollmhór a bhí ann dár ndaltaí an t-airgead a ardú chun cultacha a cheannach, stáitse a thógáil, trealamh teicneolaíochta a fháil ar cíos agus lucht féachana a mhealladh! Aon duine a tháinig chun an tseó, cuimhneoidh sibh ar na haisteoirí agus amhránaithe iontacha a bhí ar an stáitse a chuir an lucht féachana ag gáire thar dhá lá agus oíche. Bhí an caighdeán socraithe acu agus bhí jab mór le déanamh ag rang na hIdirbhliana i mbliana an caighdeán úd a shroicheadh.
Gan dabht ar bith, thaispeáin rang na hIdirbhliana 2018-2019 an scil agus an tallann cheannann chéanna ina gceoldráma féin; ‘Sister Acht’. Le beagnach míle duine ag breathnú ar an seó thar chúig léiriú agus dhá oíche, mhúscail ár ndaltaí mothúcháin sa lucht féachana idir gháire agus gheit.
Angela Todaro a thug Jacinta Murphy isteach sa cheoldráma mar charachtar, í mar amhránaí i gCasaíne ar chósta na Mí. Nuair a fheiceann sí a grá pósta, Vince (léirithe go han-bharrúil ag Seán Mac Cearáin) ag marú duine sa chasaíne - ritheann sí uaidh.
Is é an Sagart áitiúil (Micah Ó Fionnagáin Ó Tuathail) a shábháil Jacinta, nuair a chuir sé í i bhfolach leis na mná rialta i mBaile Brigín. Thug na Siúracha Bríd, Hildegard agus Assumpta (Aoife Ní Chaollaí Ní Bhroin, Hannah Ní Bhaíolláin agus Gráinne Ní Chochláin) an-phearsantacht don seó agus chuir siad an lucht féachana sna tríthe gach uile léiriú.
Coinníonn an Mháthar-Uachtaráin (Grace Ní Chroim Ní Bholgúir) súil ghéar ar Jacinta nuair atá sí sa chlochar agus cuireann sí Jacinta ag obair, ar dtús leis an gcór agus ansin leis na daltaí sa mheánscoil áitiúil. Is anseo a bhuaileann muid leis na daltaí lofa; Rita (Rebecca Ní Mhóráin), Cindy (Caitlin Newport), Chanelle (Caoimhe Breathnach), Tayeena (Aoife Ní Chúnaigh), Mikey (Darragh Ó Baíolláin) agus Jason (Cormac Ó hÓdhráin).
An t-aon duine atá in ann do na daltaí uafásacha seo ná Jacinta í féin. Tá príomhoide na scoile (Kayleigh Ní Chairealáin) breá sásta foireann nua a bheith aici sa scoil, de bharr go mbíonn gach múinteoir eile ag éalú! Agus cór an chlochair agus cór na scoile á láimhseáil ag Jacinta, bíonn Vince agus a chomrádaithe i gcónaí á lorg.
Pléisiúr a bhí i ndán don lucht féachana a chonaic buaicphointe an scéil ag an deireadh agus chríochnaigh ár n-aisteoirí agus cór na scoile leis an lucht féachana ar a gcosa dóibh. Comhghairdeachas mór - tá sibh tar éis bhur gcaighdeán nua féin a shocrú don chéad rang Idirbhliana eile.
Last year, as we introduced the Transition Year programme for the first time in the school, we produced our first musical; ‘Mamma Mia: Stíl Bhaile Brigín’. It was a huge achievement for last year’s TY’s to raise money for costumes, to build a stage, to rent out electronic and sound equipment and to entice an audience to attend two nights’ worth of shows! Anyone who attended will remember our excellent actors and singers who had the audience in stitches throughout each show. They certainly set the standard high for this year’s TY’s. That being said, the Transition Year class of 2019 displayed the same skill and talent in their own musical production, ‘Sister Acht’. Over five performances, two nights and with almost a thousand audience members coming to see the show, our students showed us what they’re made of and made us feel elated as we looked on with amazement at what they had created.
Jacinta Murphy, the main charachter, was played by Angela Todaro. Jacinta, a lounge singer from Bettystown, wittnessed her married boyfriend Vince (portrayed hilariously by Seán Mac Cearáin) committing a terrible crime. She ran from him in fear.
The local priest (Micah Ó Fionnagáin Ó Tuathail) saved Jacinta by placing her in hiding with the nuns in Balbriggan. Sisters Bríd, Hildegard and Assumpta (Aoife Ní Chaollaí Ní Bhroin, Hannah Ní Bhaíolláin and Gráinne Ní Chochláin) filled the show with personality and kept the audience laughing from start to finish. Their performance of Madonna’s ‘Like a Virgin’ was a hit with audience members!
The Mother Superior (Grace Ní Chroim Ní Bholgúir) kept a close eye on Jacinta whilst in the convent and to keep her from straying to the local pubs at night, she then gave Jacinta the tough task of conducting the convent choir. During Act II, Jacinta was then tasked with managing the students in the local secondary school. It’s here that we met the rotten students; Rita (Rebecca Ní Mhóráin), Cindy (Caitlin Newport), Chanelle (Caoimhe Breathnach), Tayeena (Aoife Ní Chúnaigh), Mikey (Darragh Ó Baíolláin) and Jason (Cormac Ó hÓdhráin). The audience were tickled with laughter when met with their clever in-sync Ariana Grande ‘Thank U Next’ joke.
The only person possibly able to handle these terrible teenagers was Jacinta herself. The struggling school principal (Kayleigh Ní Chairealláin) was only too delighted with the extra help considering all of her previous teachers had fled due to behaviour problems. While Jacinta was coming to terms with her new life in the convent and secondary school, Vince roamed the roads, alongside his side-kicks, in search for her while belting out the Jackson 5 classic ‘Want You Back’; the added dance moves were also a crowd pleaser.
Audience members were in for a treat to see a shocking twist at the end of the show and our singers and actors finished their final performance to a standing ovation. Huge congratulations to the Transition Year class of 2019 - you really have raised the bar for next year’s musical!
Míle buíochas go deo le Mark Newport as ucht na pictiúir a ghlacadh. Is féidir iad a fheiceáil as cliceáil ar an nasc thíos/Many thanks to Mark Newport for the fantastic photos, which can be accessed by clicking the link below:
Bhí ceiliúradh againn ar an Déardaoin bunaithe ar éachtaí ár ndaltaí i rith na bliana agus bhí an-chuid faoina raibh muid bródúil. I gcúrsaí teanga, rinne ár ndaltaí Gaeilge 24 agus d’éirigh leo an Gaelbhratach a thabhairt abhaile don tríú bhliain as a chéile. Thug muid isteach gradaim nua i mbliana, freisin, cosúil le ceoltóir na bliana agus eolaí na bliana; teideal iontach tábhachtach agus ár sochaí anois ag iarraidh bogadh leis an taoide glas. Mar sin féin, bhí bliain dochreidte againn maidir le cúrsaí spóirt. I mbliana, an bua ba mhó a bhí againn ná craobh ceannais na hÉireann a shroicheadh le buachaillí faoi 15 sa sacar. Seaimpíní Laighin a bhí iontu agus tháinig siad sa dara áit in Éirinn. Sa pheil Ghaelach, tháinig ár mbuachaillí faoi 14 sa dara áit i mBaile Átha Cliath. Tá ár gcailíní ag dul ó neart go neart, freisin. Sa chispheil, shroich ár gcailíní i mBliain 2 agus buachaillí i mBliain 1 craobh Bhaile Átha Cliath. Ní raibh ach ár gcéad fhoireann sacair agus iománaíochta riamh againn i mbliana agus féach ar na forbairtí atá déanta acu. Maith iad ar fad. Na gradaim ab airde a tugadh amach ar an Déardaoin, áfach, ná Daltaí na Bliana; a bhronnadh ar:
Eoin Wayne (Bliain 1) Bobby Mac Siúrtáin (Bliain 1) John Ó Maonaigh (Bliain 2) Aisling Lignon (Bliain 3) Carly Ní Bhearnáin (Bliain 5)
Mar scoil nua, tá muid ag fás agus ag forbairt i gcónaí agus tá muid iontach bródúil as ár ndaltaí gach lá; seo díreach ár ndeis chun é sin a léiriú dóibh. Míle buíochas do Mhúinteoir Daithí as Gaelscoil Bhaile Brigín a bhí mar aoi-chainteoir ag an ócáid agus a bhí iontach spreagúil.
On Thursday we celebrated our students’ achievements from throughout the year and we had so much to be proud of. In terms of promoting the use of our school’s language, An Ghaeilge, we awarded students who took part in Gaeilge 24 with certificates and we also celebrated taking home the prestigious Gaelbhratach for the third year in a row. This year we introduced new awards such as musician of the year and scientist of the year. This is an especially important award as we are fully committed to moving with the green wave and protecting our planet in the face of climate change. Undoubtedly our school had a fantastic year when it came to sport and we were delighted to acknowledge those who displayed exceptional sportsmanship on the football pitch and basketball court throughout the year. Most notably, our U15 boys, reigning Leinster Champions, reached the national final in soccer, coming second place in the whole country. In Gaelic football, our U14 boys came 2nd place in Dublin. Our Gaelic girls team made great progress this year also. In basketball, our 2nd year girls and 1st year boys reached the Dublin finals. We had our first ever soccer and hurling teams in the school this year and look at what they’ve achieved within that short time frame. Well done to all who represented Coláiste Ghlór na Mara in sports this year. Our most prestigious awards, Students of the Year, were earned this year by:
As a new school, we’re constantly growing and developing and it’s a pleasure to teach and coach our wonderful students. Our awards ceremony is our opportunity to let them know how proud they make us every day. Many thanks to Múinteoir Daithí from Gaelscoil Bhaile Brigín, our very inspirational guest speaker.
Tá pictiúir le feiceáil ar ár leathanach Facebook/Pictures of Bronnadh na nDuaiseanna are available on our Facebook page:
We had a fantastic day on Friday as we held our annual sports day. We had loads of activities to suit everyone. The different sports we held included: -Wheelbarrow race -Sumo wrestling -Egg and spoon race -100M race -Basketball shots -Sack race -Penalties -Obstacle course -Welly throwing -800M race We got in an ice cream van for the day and thankfully the weather stayed sunny and dry. The highlight of the day was undoubtedly the teachers vs students football match. We had a fantastic day on Friday as we held our annual sports day. We had loads of activities to suit everyone. The different sports we held included: -Wheelbarrow race -Sumo wrestling -Egg and spoon race -100M race -Basketball shots -Sack race -Penalties -Obstacle course -Welly throwing -800M race We got in an ice cream van for the day and thankfully the weather stayed sunny and dry. The highlight of the day was undoubtedly the teachers vs students football match.
Tá pictiúir le feiceáil ar ár leathanach Facebook/Pictures are available on our Facebook page:
Albam: Lá Spóirt 2019
Mar chuid de Lá Feasachta Idirnáisiúnta an Uathachais, bhí cuairteoirí an-speisialta againn i gColáiste Ghlór na Mara inné. Tháinig Carol Lennon, duine dár dtuismitheoirí, araon le hoibreoirí deonacha eile as My Canine Companions chugainn leis na madraí seirbhíse chun labhairt faoi uathachas agus an obair a dhéanann na madraí seirbhíse.
D'fhoghlaim muid an-chuid. Mar shampla, conas idirghníomhú le madraí seirbhíse agus na daoine atá leo i spásanna oscailte. D'fhoghlaim muid go bhfuil sé an-thábhachtach iad a choinneáil ar théide agus muid ag siúl. Má ionsaíonn madra ar an sráid madra seirbhíse, mar shampla, seans go ndéanfadh sé sin neirbhíseach iad. Má chailleann siad na scileanna atá foghlamtha acu sa traenáil, seans nach mbeadh siad in ann an obair a dhéanann siad a leanúint ar aghaidh.
D'fhoghlaim muid faoi na cineálacha madraí a roghnaítear le bheith ina madraí seirbhíse, conas a ainmnítear iad, conas a roghnaítear teaghlaigh dóibh agus conas go ndéanann siad difríocht do na teaghlaigh a fhaigheann iad. Os rud é go raibh do mhac/iníon ag an óráid, cuir ceist orthu céard a d'fhoghlaim siad aige; beidh siad in ann an t-eolas a roinnt leat!
Ba mhaith linn ár mbuíochas mór a ghabháil leis na daoine uaisle a tháinig isteach chugainn inné; Carol, Debbie, Trish agus Karolina agus na cairde beaga áille a tháinig isteach leo ar cheithre cos, Uggs, Indie, Izzie agus Stitch. Osclaíodh Rang Lir i mí Mhéan Fómhair 2018, rang le haghaidh daltaí le huathachas i gColáiste Ghlór na Mara. Tá an t-ábhar seo an-thábhachtach dúinn agus tá áthas an domhain orainn feasacht maidir le huathachas a scaipeadh, fiú amháin ar bhealach beag.
As part of World Autism awareness day, we had some very special visitors in Coláiste Ghlór na Mara today. One of our parents, Carol Lennon, and three other volunteers along with their service dogs from My Canine Companion treated pupils and staff to a really informative session on autism and the important role of service dogs.
We learned lots today, for example, how to react to service dogs and their handlers in public spaces.
We were informed how important it is to keep dogs on leads when out walking, as if a service dog was attacked by another dog, it could make them nervous, undo their training and therefore deem them unfit to continue in their role.
We learned plenty more about why certain breeds are chosen, the criteria used to allocate service dogs to families, how they are named, trained and ultimately the difference these dogs make to the families who are lucky enough to avail of their service. Ask your son or daughter if they were at the talk and if they can share any of the information they learned with you.
We would like to sincerely thank our volunteers today, Carol, Debbie, Trish and Karolina and their amazing canine companions, Uggs, Indie, Izzie and Stitch for taking time out of their day to visit us and educate us on World Autism awareness day. As Rang Lir, a class for autistic students opened in September here in Coláiste Ghlor na Mara, this subject is very close to our hearts and we are delighted to be involved, even in a small way in spreading autism awareness.
Bus Scoile/School Bus
A thuismitheoirí, a chairde, is féidir cur isteach ar áit ar an mbus don scoilbhliain seo chugainn 2019/20, anois ag https://www.buseireann.ie/inner.php?id=257
Molaimíd daoibh é seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir libh. Bhí ró-éileamh ar na háiteanna anuraidh.
Dear Parents/Guardians, applications are now being accepted for the school bus for 2019/20 at https://www.buseireann.ie/inner.php?id=257. We would advise parents to register early due to the high level of demand last year
Coiste na dTuismitheoirí would like to let everyone know that we are planning an Afternoon Tea event here in the school on Friday the 29th March, 12pm to celebrate Mothers' Day. More information will follow but in the meantime please keep the date free and we hope to see as many of you as possible on the day.
Is mian linn bliain nua faoi shéan agus faoi mhaise a ghuí ar phobal uile na scoile. Tá súil againn go mbeidh gach rath ar chách i 2019.
We would like to wish our whole school community a very happy new year and every best wish for 2019.
Ba mhaith linn a chur i gcuimhne do phobal na scoile go mbeidh Coláiste Ghlór na Mara dúnta amárach (Dé Máirt, 04/12/2018) de bharr lá traenála do mhúinteoirí. Go raibh maith agaibh.
We would like to remind parents, guardians and students that Coláiste Ghlór na Mara will be closed tomorrow due to a training day for staff members. Go raibh maith agaibh.
Registration forms for the academic year 2019/2020 will be accepted until the 26th of October 2018. Registration forms are available on this website under the tab 'Polasaí Scoile'
A chairde, tá an fhadhb leictreachais réitithe ag an ESB agus beidh gnáthlá scoile amárach againn. Feicfidh muid ar maidin sibh ag 8.20!
The ESB have rectified the power outage in Balbriggan and school will open at the usual time of 8.20 tomorrow. See you all then!
Beidh torthaí an Teastais Shóisearaigh 2018 á bhfoilsiú ar an gCéadaoin, 12ú Meán Fómhair. Beidh siad ar fáil do na daltaí ar an lá ar a 2.30in in Aitriam na scoile. Tá míle fáilte roimh ár dtuismitheoirí/caomhnóirí freisin ar a 2.30in. Beidh tae agus caifé ar fáil.
Junior Certificate results, 2018, will be published on Wednesday, 12th September. They will be distributed to our students at 2.30pm on Wednesday in the Atrium. Parents/Guardians are most welcome to join us. Tea and coffee will be provided.
Cliceáil ar an nasc thíos mar eolas maidir leis an oíche oscailte, 2018. Tá muid ag súil go mór le sibh a fheiceáil anseo i gColáiste Ghlór na Mara; tá fáilte roimh chách!
Click on the link below for information on our open night, 2018. We're really looking forward to welcoming you all to Coláiste Ghlór na Mara!
Comhghairdeas leis an Coiste Gaelbhratach a bhailigh an dara bratach i mbliana don scoil. Bhí lá mór ann i ráschúrsa an liopaird le Gael Linn, Seo Linn agus Conradh na Gaeilge. Bhain na scoláirí an-taitneamh as agus chan ceann dár scoláirí os comhair an slua, ghlac triúr eile i gcluichí spóirt, giolcaireacht agus in amhrán na gcupán ar an lá. Maith sibh!
Congratulatíons to the Gaelbhratach Committee who collected their second Gaelbhratach flag this year for the school. There was a great day to be had at the leopardstown racecourse with Gael linn, Seo Linn and Conradh na Gaeilge. The students enjoyed themselves and even sang in front of the crowd, took part in tweeting competitions and a sports trial. Well done to everyone involved.
Bhí Lá Gairmthreora sa scoil ar an Aoine 11ú ina raibh Lucht na hIdirbhliana ag déanamh taispeántas den Gairm agus an Cúrsa ar mhaith leo a dhéanamh amach anseo. Bhí bl3, bl2 agus bl1 i láthair agus bhain gach duine ann sult as. Rinne na daltaí súirbhé ansin ar an imeacht agus bhí siad an-tógtha leis.
There was a Careers' day on Friday the 11th in school. The fourth years presented their chosen career paths and there was information on the new point system, the minimum wage per hour. There was a survey afterwards and the feedback was positive.
A chairde, Seo na pictiúir ó chéad cheoldráma na scoile, ‘Mamma Mia’. Dhíol muid amach ceithre sheó thar dhá lá agus oíche agus bhí bród an domhain orainn ár gcéad ghrúpa sa scoil a fheiceáil ar an stáitse. Rinne siad sár-jab agus chaith an lucht féachana na seónna ar fad sna trithí ag gáire. Léiríonn seo an scil atá ag na daltaí san aisteoireacht agus sa cheol ach freisin, léiríonn sé seo an mhuinín atá acu iontu féin, rud atá fíorthábhachtach i saol an lae inniu. Ní bheadh an caighdeán mar an gcéanna ar chor ar bith gan an tacaíocht a thug cór na scoile dóibh ach an oiread. Bhí siad ar fheabhas. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na daltaí agus múinteoirí go léir a chabhraigh leis an seó ach ba mhaith linn freisin ár mbuíochas a ghabháil leis an bpobal. Fuair muid tacaíocht ó chomhlachtaí áitiúla chun an seó a chur ar an stáitse agus tugadh urraíocht dúinn freisin chun duaiseanna a bhronnadh don chrannchur. Ní fiú seó a chur ar siúl mura bhfuil daoine ann chun é a fheiceáil, agus mar sin, go raibh míle maith agaibh as ucht bhur dtacaíochta nuair a tháinig sibh chun ‘Mamma Mia’ a fheiceáil. Tá muid ag súil go mór leis an gcéad sheó eile an bhliain seo chugainn, nuair a bheidh na scrúduithe go léir i ndiaidh na ndaltaí i mbliain 3 😄. Bainigí sult as na pictiúir.
A chairde, Here are the pictures from our first musical, ‘Mamma Mia’. We sold out four shows over two days and nights and we couldn’t have been prouder of our very first cohort of students who put the show on the stage. They did an exceptional job and the audiences spent the four shows in stitches. We were delighted to see our Transition Years develop skills in acting and singing, but also to see them develop their self-confidence, something that will really stand to them in the future. The standard of the show was undoubtedly raised by our First Year choir, they were fantastic. We would like to thank the other students and the many staff members who helped us to put this musical together. We would also like to thank the community especially. We received support from many local businesses who sponsored our program and we also received many donations in the form of prizes for our raffle. A show can only be put on stage if people come to see it, so thank you so much to those who came to support our very first effort. We’re looking forward to the next musical, once our 3rd years have their exams behind them 😁. We hope you enjoy the pictures.
Buíochas speisialta le Mark Newport, a ghlac na pictiúir.
Cliceáil anseo chun na pictiúir a fheiceáil/Click here to view photos
Is cúis bróid é don scoil gur bhuaigh an Coiste Gaelbhrataí an Gaelbhratach arís i mbliana. Míle buíochas as ucht gach duine a thug cúnamh agus cabhair don scoil agus don choiste le himeachtaí agus an Ghaeilge a chuir chun cinn sa scoil agus sa phobail. Beidh bronnadh na nduaiseanna ann ar an 22ú Bealtaine i mbaile na lobhar.
The school is proud to announce that we have won our second Irish Language Flag 'The Gaelbhratach' again this year! The Gaelbhratach Committee would like to thank everyone for their support and help with promoting the Irish Language in school this year. We hope to see you next year when we lift up our flag .
Tá daltaí na hidirbhliana istigh sa scoil inniu ag ullmhú dá gceoldráma, ‘Mamma Mia’. Seo an chéad uair a bheidh ceoldráma ag an scoil agus tá muid ag súil go mór le sibh a fháiltiú chun an seó a fheiceáil. Tá an stáitse nua ardaithe, tá na cultacha istigh agus tá glór na ndaltaí thar cionn. Geallann muid taispeántas dochreidte!
Our Transition Years are in today practicing for their musical, ‘Mamma Mia’. This will be our first ever musical and we’re really looking forward to welcoming our school community to see the show. The new stage has been built, the costumes are ready and the students’ voices are on point! We promise an unforgettable performance.
DÁTAÍ/DATES: Céadaoin/Wednesday 25-04-2018 7.30PM
Déardaoin/Thursday 26-04-2018 7.30PM (Matinee 12.30)
TICÉID/TICKETS: Is féidir na ticéid a cheannach ón scoil. Beidh siad á ndíol in oifig na scoile agus ó sarah@cgnm.ie. Caithfear íoc as na ticéid roimh an seó!
Tickets can be bought from the school. They’ll be for sale in the school office and also by emailing sarah@cgnm.ie. Tickets must be paid for before the show!
PRAGHAS/PRICE: Duine fásta/Adult: €8 Scoláirí/Students: €5 Grúpaí scoile/School groups: €3
Is féidir leat boinn ghorma ó Tesco Balbriggan anois a bhailiú ar son na scoile. Is mór dúinn ar fad bhur dtacaíocht.
You can now collect blue tokens from Tesco Balbriggan for Coláiste Ghlór na Mara. We really appreciate your support.
Tá cáipéis nua againn faoi chumhdach leanaí atá ar fáil ar an suíomh seo faoin leathanach 'Polasaí Scoile'.
A new document has been posted to this site regarding child protection which can be viewed under the 'Polasaí Scoile' tab.
Beidh an scoil ar oscailt óna 8rn amárach, 5ú Márta 2018. Súil in airde againn ár ndaltaí a fheiceáil ar maidin.
The school will reopen tomorrow , 5th March from 8am. Looking forward to seeing our students in the morning.
Beidh an scoil dúnta inniu, 28ú Feabhra 2018 toisc an stádas dearg aimsire fógartha ag Met Éireann.
The school will remain closed today due to the red weather alert. Please continue to monitor the school website for further information.
Due to the continuing red weather alert for Leinster, Coláiste Ghlór na Mara will remain closed tomorrow, Thursday, 1st March and on Friday, 2nd March. Please continue to stay safe in these difficult weather conditions. Looking forward to seeing our students on Monday.
Please see :
https://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2018-press-releases/PR18-02-28.html
Bhain daltaí sa chéad bliain fior thaitneamh as an gceardlann a rinneadar i leabharlann Bhaile Brigín ar maidin. Míle buíochas le cách a d'eagraigh maidin iontach!
Our first year students thoroughly enjoyed their workshop as part of Engineer's week 2018 in Balbriggan library this morninhg. Many thanks to the organisers.
Tá na bréagscrúduithe faoi lán tseoil faoi láthair don 3ú bliain. Beidh siad thart ar an 23ú Feabhra.
3rd year students are undertaking their Mock Junior Certificate examinations at present. They will conclude on the 23rd February.
Bhí lá iontach ag an scoil ar an Aoine mar bhí tuismitheoirí, daltaí agus foireann na scoile ar bís chun maidin caife a bheith againn agus ardú an Gaelbhratach! Bhí filíocht, fís an Gaelbhratach agus óráidí againn. Bhailíomar 267 euro d'imeachtaí a reachtáil do Sheachtain na Gaeilge 2018. Míle buíochas do ghach duine a thug tacaíocht dúinn ar an lá seo.
We had a brilliant day on Friday when parents, students and the school team came together to celebrate raising the Gaelbhratach flag with a morning coffee. We raised 267 euros for Seachtain na Gaeilge. Coláiste Ghlór na Mara would like to help everyone who took part and who gave support on this joyous occasion.
Beidh an scoil dúnta do dhaltaí ar an 17ú Eanáir de bharr traenáil foirne ar an Teastas Shóisearach nua.
The school will be closed for students on 17th January, 2018 for a whole-staff training day on the New Junior Cycle Framework.
Beidh an scoil ag dúnadh do laethanta saoire na Nollag ar an 22ú Nollaig go dtí an 08ú Eanáir. Idir an dá linn, beidh na scrúduithe Nollag ag tosú ar an 18ú Nollaig. Tá na dátaí seo agus gach dáta tábhachtach eile ar fáil ar fhéilire na scoile, iniata leis an suíomh seo.
Coláiste Ghlór na Mara will close for the Christmas holidays on the 22nd December. We will re-open on the 8th of January. In the meantime, students will commence house exams on the 18th December. These and any other important dates can be seen on our school calendar, which can be accessed on this website under the tab 'Ár scoil'.
Tá Nuacht Litir na scoile le haghaidh mí na Samhna le fáil anseo. Léigh chun fáil amach níos mó faoi chéard atá ar siúl inár scoil.
Read our Monthly Newsletter to find out what is happening in our school.
Ba mhaith linn a chur i gcuimhne donár ndaltaí agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí go mbeidh Coláiste Ghlór na Mara dúnta amárach, Dé Luain (27-Samhain-2017). Feicfidh muid arís sibh ar an Máirt!
We would like to remind our students and their parents/guardians that Coláiste Ghlór na Mara will be closed tomorrow, Monday (27-November-2017). We’ll see you all again on Tuesday!
D'éirigh leis an scoil páirt a ghlacadh sa MS Readathon i mbliana don chéad uair. Bhailigh na scoláirí 96e don carthanacht seo agus bhí leabhra á léamh acu ón leabharlann. Maith sibh do ghach duine a ghlac páirt.
The school took part in the MS Readathon initiative for the first time this year. Well done to the students who helped raise money for this charity. 96 e was raised in total by the students by reading. Well done readers!
Bhí tús cúrtha leis an Nollag an Aoine seo nuair a bhailigh an scoil 26 bhosca bróig na Nollaig do pháistí faoi mhí bhuntáiste . Tá siad ag dul go dtí áit maith agus míle buíochas go gach duine a ghlac páirt! Tá sibh iontach!
There was a lot of excitement in school this Friday when the Team Hope Christmas Shoeboxes were collected: 26 in total. There are being sent to children in need all over the world and well done to the people who took part. Ye are all brilliant.
D'éagraigh an idirbhliain cóisir do lucht na gcéadbhliana ar an 27ú DF mar chuid den méantóireacht atá siad ag déanamh. Mhaisigh siad an Atrium agus bhí ceol agus bia acu. Bhailigh siad 135 e do Sráid an Teampail mar chuid de 'Trick or Treat'. Bhí atmaisfear iontach ann!
The Transition years organised a Halloween Party for first years on Friday the 27th as part of their mentoring module. The atrium was well decorated and there was a great atmosphere about the place. The event raised 135e for Temple Street Hospital. Well done to all those involved.
Go raibh maith agaibh agus míle buíochas!
We raised €100 for Breast Cancer Awareness at lunch today.
October is Breast Cancer Awareness month and the 'Come Lón liom' was a great success with pink balloons and amazing food to be eaten. Teachers wore pink as well to raise awareness. Thank you to all who took part.
Beidh an briseadh lár téarma ó Luan an 30ú Deireadh Fómhair go dtí Aoine an 3ú Samhain. Osclóidh muid arís ar Luan an 6ú Samhain.
Students from Coláiste Ghlór na Mara will be on mid-term break from Monday 30th October to Friday 3rd November. The school will reopen on Monday 6th November.
Míle buíochas do Sharon a tháinig inniu agus a labhair leis an gCéad agus an Dara Bhliain faoi Team Hope agus conas na boscaí bróg a hullmhú do bhochtáin thar lear. Beidh na boscaí á mbailiú ar an 10ú lá de mhí na Samhna agus is féidir le gach éinne páirt a ghlacadh ann.
Many thanks to Sharon from Team Hope who came and spoke with first and second years today about the Christmas appeal for shoe boxes. The collection date is the 10th of November and they will be collected from Coláiste Ghlór na Mara. Feel free to join us in this great cause.
Dé Máirt an 10ú lá de Dheireadh Fhómhair ag 5in. beidh Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain ag teacht go dtí ár scoil.
Beidh Coláiste Pobail Rath Cairn, Coláiste Oriall, Coláiste Chillian, agus Coláiste an Lú ag teacht agus ag taispéaint a gcumas díospóireachta. Beidh Foireann Sóisearach agus Sinsearach ag Coláiste Ghlór na Mara agus beidh bua na cainte againn ar an oíche. Fáilte roimh chách teacht agus cluas éisteachta a thabhairt dúinn.
On Tuesday the 10th at 5 pm there will be an Irish debating competition taking place in our school. Schools from the surrounding counties will take part in this brilliant event. Please feel free to come by and listen to us. Coláiste Ghlór na Mara will have a junior and senior team competing. Best of luck our debaters!
Seo chugaibh nuacht na scoile! bainigí sult as!
Please find the latest school newsletter linked.
Comhghairdeachas le lucht na hIdirbhliana a bhailigh airgead ar son an Cumann Ailse inniu. Bhailigh siad 132 euro ar fad agus bhí cácaí, brioscaí agus go leor rudaí eile milis á dhíol acu. Maith sibh táimid bródúil asaibh!
Congratulations to Transition Years today on their bake sale that raised 132 euro for the Cancer Society. They sold cakes, biscuits, and satisfied many a sweet tooth. Well done fourth years!
Maith sibh a bhuachaillí. An bua faighte arís agaibh sa pheil inniu. Cluiche ana mhaith i gcoinne foireann Kingswood ó Thamhlacht. An-tús curtha agaibh leis an mbliain spóirt. Míle buíochas le múinteoir Fiachra a stiúraigh sibh.
Congratulations to the 1st year football team, victorious again today. A great match against Kingswood, Tallaght. A good start to the sporting year. Many thanks to múinteoir Fiachra for his hard work with the team.
Bhí turas iontach ag daltaí na hidirbhliana an tseachtain seo go Loch Dan i gCo. Chill Mhantáin. D'fhilleadar ar an scoil aréir agud iad uile traochta. Bhíodar ag dreapadóireacht, ag cócaireacht agus ag baint taitneamh as an timpeallacht. Míle buíochas le múínteoirí Carly agus Cian a d'imigh leo. Súil in airde acu leis an chéad turas eile.
TY students really enjoyed their trip to Lough Dan in Co. Wicklow earlier this week. They arrived back yesterday evening and they were exhausted. They enjoyed activities including climbing, cooking and their beautiful surroundings. Many thanks to their teachers Carly and Cian who accompanied them. The students are really looking forward to their next trip.
Bua na Gaeilge
Bhailigh Coiste an Ghaelbhrataí an bratach álainn corca sin a léiríonn don domhan mór inár thimpeall gur seoid luachmhar í an Ghaeilge dúinn i gColáiste Ghlór na Mara.
Is cúis bróid é agus bhí lá spraoiúil ag na scoláirí i mBaile an lobhar inné ag bailiú an bhratach ó Gael- Linn. Bhí Eoin Mac Diarmada, Seo Linn agus Cliona ní Chíosáin ann agus fuair na scoláirí seans pictiúr a fháil leo, damhsa le ceol iontach agus cairde nua a dhéanamh as scoileanna eile. Fuair na scoláirí féiríní beaga chomh maith mar dhuaiseanna.
Bhí lá an-speisialta againn Dé hAoine seo caite. Lá Lus an Chromchinn a bhí ann. Bhí lá gan éadaí ag na daltaí agus bhí na múinteoirí faoi bhláth freisin. Bhí milseáin ar díol chun airgead a bhailiú ar son an ailse.
We had a very special day last Friday as it was daffodil day. The students wore their own clothes and the teachers were in full bloom too. Sweets were sold to raise money for cancer research.
#fingalsea She's 14 & she wrote a book for teenagers. (I feel like a failure!😂) 👏🏼👏🏼 pic.twitter.com/VNrOZcpIuj — Ruth Scott (@ruthscott) March 30, 2017
#fingalsea She's 14 & she wrote a book for teenagers. (I feel like a failure!😂) 👏🏼👏🏼 pic.twitter.com/VNrOZcpIuj
Fón: 01 841 62 69
runai@cgnm.ie
Príomhoide: Maedhbh Daltún
Líon ar an rolla: 68082L
Login
VSWare
Imeachtaí na Seachtaine
Nuachtlitir is déanaí
Pictiúir Scoile
Scoilnet